Hey everyone, I’ve received a few messages from people looking for some sample Gaeilge answers for an interview. I have just selected 4 of the most common questions – if you have a specific question – please email me or pm me on Facebook and I can do a sample answer for that too.

 

An bhfuil suim agat sa Ghaeilge?

Tá suim mhór agam sa Ghaeilge. Tá ár teanga an tábhachtach dár gcultúr agus ár dúchas. Is maith liom an Ghaeilge a mhúineadh agus úsáidim achmhainní atá suimiúil agus oiriúnach do na páistí. Chomh maith le sin úsáidim na modhanna múinte go léir agus cluichí, drámaí, scéal agus rainn/amhráin chun suim na páistí a choimead. 

An bhfuil tú muiníneach Gaeilge a mhúineadh sa 

seomra ranga?

Tá mé muiníneach Gaeilge a mhúineadh sa seomra ranga. Is breá liom a bheith ag caint is ag cumarsáid as Gaeilge. Rinne mé achmhainní atá suimiúil agus oiriúnach do na páistí. Úsáidim cluichí, drámaí, scéalta agus dánta chun suim na páistí a choimead i rith na ceachtanna Gaeilge. Chomh maith le sin úsáidim Gaeilge neamhfhoirmiúil i rith an lae.

Conas is féidir Gaeilge neamhfhoirmiúil a úsáid i 

rith an lae?

Úsáidim Gaeilge neamhfhoirmiúil i rith an lae. Tugaim ordaithe trí Ghaeilge – tóg amach do 
leabhar, oscail leathnach fiche is a dó. Chomh maith le sin úsáidim Gaeilge i gceachteanna difriúil mar shampla i gceacht corpoideachas. Imríonn na páistí cluichí suimiúil chun gramadach nó rialacha a fhoghlaim. 

Conas is féidir an Ghaeilge a spreagadh ar fud na 

scoile?

I mo thuairim caithimid béim a chur ar an Ghaeilge labhartha. Caithimid an Ghaeilge labhartha a chur chun cinn mar “Beatha teanga í a labhairt”. Is féidir lá Ghaelach a dhéanamh lá amháin gach seachtain – labhróidh na páistí Ghaeilge ar an gclós agus go neamhfhoirmiúil i rith an lae. Beidh duaiseanna do na páistí is fearr. Chomh maith le sin úsáidimid dráma, scéal, rainn agus amhráin chun suim na páistí a choimead. 
Chomh maith le sin caithimid an Ghaeilge a spreagadh sa bhaile freisin. B’aoibhinn liom ranga a chur ar siúl do thuismitheoirí agus ansin féachann na páistí an teanga beo agus beidh suim acu í a fhoghlaim.